iallaíonn STREAM - Oiliúint Straitéiseach agus Coinneáil Oibritheoirí agus Bainisteoirí. Pléann sé go sonrach le hearnáil na féile agus is mórsprioc aige na straitéisí oiliúna agus AD a úsáidtear le foirne a earcú agus a choinneáil in Óstáin. Díreoidh an togradh ar an dá cheist is tábhachtaí agus is goiliúnaí in earnáil na n-óstán agus na lónadóireachta
  • Conas teacht ar an bhfoireann cheart, agus
  • Conas an fhoireann a choinneáil
Is aidhm do STREAM úirlis oideachais agus oiliúna a fhorbairt dóibh sin a bhíonn ag plé le AD nó le hearcaíocht in earnáil na féile. Is é a bheidh ann ná búrla ilmheán oiliúna a dhíríonn ar mhodhanna le feabhas a chur ar nósanna earcaíochta, a chuireann le coinneáil fostaithe agus a thugann aghaidh ar na ceisteanna a éiríonn maidir le comh-rochtain ar fhostaíocht de réir reachtaíochta náisiúnta agus Eorpaigh chomh maith le caighdeáin feabhais an tionscail. Cuirtear tíortha réamhbhallraíochta san áireamh agus cumasaíonn seo an tSlóvaic agus an Chipir tús a chur le heiseamláirí den dea-chleachtas earcaíochta agus roghnaithe trí thátal a bhaint as taithí na mballstát eile, agus de réir reachtaíochta agus treoir an AE.